Tá scamaill sa spéir
Beidh dráma aon-ghnímh leis an bhfile agus drámadóir clúiteach Biddy Jenkinson don teideal Mise, Subhó agus Maccó á léiriú sa New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ar an 25ú/26ú/27ú de Mheán Fómhair.
Dúirt Áine Moynihan:
“Tá dian-obair curtha isteach ag foireann an dráma seo chun caighdeán ard léirithe a bhaint amach agus cé nach bhfuilimid mar chuid oifigiúil den bhFéile Drámaíochta is mian linn ár gcuid a dhéanamh chun cur le drámaíocht na Gaeilge sa chathair le linn na Féile. Tá ábhar an dráma seo tráthúil mar gheall ar an ngéarchéim a bhaineann le heaspa dídine na laethanta seo, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus ba mhaith linn cabhrú chun áird a tharraingt ar an bhfulaingt a bhaineann leis.”
Ticéidí ar fáil ag 01 6703361 nó ag an doras ar €12/10.
Faiseanta!